Faisnéis Thábhachtach

Bullaitín Nuashonraithe faoin Bealtaine 2021

Ar aon dul leis na srianta agus an chomhairle reatha maidir le COVID-19, reáchtálfar taispeántas poiblí ar líne ag cur torthaí Chéim 2 - An Roghnúchán i láthair ón 26 Bealtaine go dtí an 4 Meitheamh 2021.

Tá Roghnúchán Chéim 2 críochnaithe agus tá an Rogha Is Fearr Roghnaithe. Tá an Imeacht Taispeántais Phoiblí dúnta anois ach leanfar leis an fhaisnéis chúlra agus na tuairiscí mionsonraithe a bheith ar fáil le híoslódáil ón leathanach Comhairliúcháin Phoiblí faoin dtáb Imeacht Taispeána Poiblí.

Leanfaidh an Fhoireann Tionscadail ag tabhairt aghaidh ar aon cheisteanna faoin tionscadal ar an bhfón nó ar r-phost, agus tá á sonraí teagmhála ar fáil ar an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’ ar an suíomh gréasáin.

Mar gheall ar go bhfuil srianta COVID-19 fós i bhfeidhm, táimid ag iarraidh go mbeidh an pobal ag glacadh páirte in imeacht taispeántais ar líne a mbeifear in ann rochtain a fháil air ón suíomh gréasáin seo.

Tuigim

Tréimhsí Tionscadail

Beidh dul chun cinn pleanála agus dearadh an Scéim Bóithre N25 Phort Láirge go An Ghleann Mór i gcomhréireacht le Treoirlínte Bainistíochta Tionscadal BIÉ.

Tugann na treoirlínte seo sonraí ar módh oibre agus próiséas na pleanála, dearadh agus foirgníocht i gcomhair scéimeanna bóithre náisiúnta i ocht dtréimhse difriúla.

Tá Raon agus Réamh-Breithmheas (Tréimhse 0) don Scéim Bóithre N25 Phort Láirge go An Ghleann Mór cheanna féin déanta ag THRDO. Tá Atkins anois chun dul chun cinn a dheanamh san scéim i dtreo Coincheap agus Féideartheacht (Tréimhse 1). Tá forbairt agus imscrúdú ar an féideartheachtaí an tionscadal i gceist sa tréimhse seo. Deanfar meas ar na spriocanna ó Tréimhse 1 in aghaidh pleananna agus treoirlínte straitéiseacha bainteacha. Tá ceantar staidéir sainithe le srianta cosúil le timpeallacht, forbairt Reatha agus trácht.

Ar chríochnú Tréimhse 1, bogfaidh an tionscadal ar aghaidh go Roghnúcháin (Tréimhse 2). Sa Tréimhse seo, aithneofar srianta, deanfar forbairt agus scrúdú ar roghanna conaire bhealaigh in aghaidh spriocanna na scéime, ag cuir tosca innealtóireachta, timpeallachta, agus eacnamaíochta san áireamh. Pioctar an rogha conaire bealaigh mar thoradh den scrúdú seo.

Phases Overview

I ndiaidh an rogha conaire bealaigh a phiocadh, críochnófar miondearadh agus measúnacht timpeallachta i rith Tréimhse 3. Déanfar forbairt ar rogha conaire bealaigh agus bunófar riachtanaisí tógáil talún. Aithneofar aon tionchar suntasach agus déanfar athscagadh ar dearadh na scéime in oirúint leis.

I rith Treimhse 4 beidh ullmhúchán agus foilseachán i gceist ar na Ordaithe Reachtúla a dtéann i bhfeidhim le reachtaíocht pleanála agus timpeallachta don scéim. Beidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Ordú Ceannaithe Éigeantach san áireamh. Beidh siad seo faoi réir cead ón mBord Pleanála. Beartóigh siad sin má tá gá éisteacht ó bhéal a chuir i láithair.

I rith an próiséas pleanála agus dearadh, beidh cúpla deis ag an bpobal aiseolas agus moltaí a thabhairt faoi an scéim. Beidh comhairle poiblí deanta i rith gach tréimhse mar is léir sa bhfíor thíos.

Táimid ag obair i gcomhphárit le:

Partner Logo
Project Ireland 2040 Logo
Partner Logo
Transport Infrastructure Ireland
Atkins Black Logo